Read Róisín’s Manifesto (GAE)
Read Róisín’s Manifesto (ENG)
A chara,
Róisín Nic Lochlainn is ainm dom agus is as Contae Aontroma mé. Bhog mé go Cathair na Gaillimhe i 2018 chun stáidéar a dhéanamh ar an dlí, an pholaitíocht agus an Ghaeilge. I 2020, bhí mé tofa mar Oifigeach Leasa Comhaltas na Mac Léinn OÉ Gaillimh agus is mise Uachtarán an Chomhaltais i mbliana. Níor fhreastal mé ar Ghaelscoil agus ní as an Ghaeltacht mé ach tá grá láidir don Ghaeilge agam agus ba bhreá liom í a fheiceáil dul ó neart go neart i ngach campas. Mar bhean ón tuaisceart, bhí paisean agam don Ghaeilge agus do chearta teanga ó bhí mé óg. Tá go leor taithí agam cheana féin ón CMLOÉG – oibrím lenár Oifigeach Gaeilge inár gcomhaltas féin gach lá; d’eagraigh muid Seachtain na Gaeilge le chéile, fuair muid ranganna Gaeilge saor in aisce do gach mhic léinn, agus i bhfad níos mó. Ceann de na héachtaí is mó a bhí agam ná ár reifreann le haghaidh Leas Uachtarán don Ghaeilge lánaimseartha. Rinne muid é seo le déanaí agus is sinne an chéad Aontas áitiúil sa tír a bhfuil Leas-Uachtarán lánaimseartha againn riamh.
Le bhur dtoil, caithigí bhur vóta domsa ag Comhdháil AMLÉ 2022.
Ionadaíocht
- Caithfidh go mbeidh Oifigeach na Gaeilge ar gach coiste gnó i ngach Aontas na Mac Léinn
- Coiste Cultúrtha / Grúpa Oibre don Ghaeilge
- Caithfear stocaireacht a dhéanamh i gcómhar le Aire na Gaeltachta
- Ionadaíocht sna Meáin (oiliúint sna meáin do mhic léinn cumarsáide)
- Cuirfidh mé níos mó seirbhisí trí Ghaeilge ar fáil ar an gcampas
- Déanfaidh mé stocaireacht maidir le comharthaí dáthangeach ar an gcampas
Foghlaim
- Ranganna saor in aisce do mhic léinn
- Ranganna d’Oifigigh áitiúla agus don choiste gnó
- Stór focal d’imeachtaí mar shampla Comhairle Náisiúnta – mar chuid de fheachtas ‘Úsáid do cúpla focal’
- Stocaireacht – modúil trí Ghaeilge
Pobal
Tuigim go bhfuil pobal Gaeilge láidir anseo i MSU cheana féin, agus ba bhreá liom go neartófaí é. Tacóidh mé le rochtain don teanga taobh istigh den chiorcal acadúil agus i bpobal na n-instidiúidí a fhorbairt freisin. Déanfaidh mé é sín trí:
- Cumainn Ghaeligh
- Imeachtaí
- Seachtain na Gaeilge
- Spásanna Shóisialta
- Scéim GaelChara
- Pleanáil Teanga
Feachtais
- Acht Anois
- GaelFees
- Matter of Meas
- GaelGradám
- Síneadh Fada
- Gaeilge4All
- “Tá sé de cheart agat”
Tá todhchaí na Gaeilge i lámha na mic léinn, tá sé mar dhualgas ag AMLÉ mar sin an obair seo a chur chun cinn.
Mo thaithí
- Uachtarán CMLOÉG
- Leas Uachtarán/Oifigeach Leasa agus Comhionannais
- Cumann Gaelach OÉG
- Grúpa Oibre don Ghaeilge AMLÉ (ar feadh dhá bhliain)
- Baill den Choiste Stráitéiseach don Ghaeilge in OÉG
- Baill den Choiste Gaeilge CMLOÉG
- D’oibrigh mé le Gaillimh le Gaeilge, TG4, agus Conradh na Gaeilge, Raidió na Gaeltachta agus BBC Gaeilge
- D’athraigh mé ainm an Chomhaltais go leagan Gaeilge
- Thug mé isteach Leas Uachtarán don Ghaeilge lánaimseartha inár gComhaltas agus chuir mé go leor rúin isteach chuig Comhairle agus Comhdháil AMLÉ faoin nGaeilge
- D’eagraigh mé Seachtain na Gaeilge
- D’eagraigh mé ranganna saor in aisce do mhic léinn
Recent Comments